close

An Spealadóir Lyrics & Chords By Muireann Nic Amhlaoibh

LyricsView Chords

Le meán an fhómhair dá chaitheamh dom
Ba mhór dubhach mo scéal
Go breoite, brónach, atuirseach
Gan sólás insa' tsaol
Mo pháircín féir gan gearradh uaim
De dheascaibh clainn an Bhreacluain
'Gus féar na gcomharsan treascartha
Á chíoradh le gréin
Chorus:
Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
'Gus crann ó Locha Léin
Cloch is clár is gaineamh air
Ó dhúiche Uí Néill
Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
'Sheasódh ar feadh na seachtaine
Is bearrtha 'bheadh an t-acra
Le fáinne an lae
Do shmaoiníos féin im' aigne
San oíche trím' néal
Go raibh beirt fhear óga chalma
Do mhaíomh a bhfaobhar
Féna ndéin do ghaibh mo theachtaire
Chun mo pháircín féin do ghearradh dhom
'S is grámhar, fáilteach freagarthach
Do thánadar araon
(Chorus)
I gcóir is i bhfaobhar bhí speal acu
Le fáinne an lae
'S do luíodar siúd go slachtmhar glan
Is iad ag baint an fhéir
Seala beag don eadartha
'S a lán don lá gan caitheamh fós
Do bhí dóthain siúd di leagaithe
'S é bearrtha go cré
(Chorus 2x)

Tracks related to an spealadóir - muireann nic amhlaoibh

caitlín triall

by: aoife ní fhearraigh

one, i love

by: karan casey

three huntsmen

by: andy irvine

puirt a beul

by: karen matheson

backseat

by: pamela morgan

tom joad

by: patrick street

tierra

by: felpeyu

seoithín seothó

by: muireann nic amhlaoibh

lullabye

by: arcady

mo níon Ó

by: cathie ryan

is fada liom uaim i

by: maighréad ní dhomhnaill

hills of ireland

by: mychael danna & jeff danna

maggie

by: de dannan

galway bay

by: dolores keane

the collier's set

by: davy spillane

fher'a bhata

by: kate price

the black cat

by: lothlorien

an cat dubh

by: lothlorien

vamosindo

by: berrogüetto

deneb

by: berrogüetto

close
Sign in person Home A to Z All Artists Top Artists Top Tracks